RTÉ - Cois Laoi
Cois Laoi á chur i láthair ag Jeaic Ó Muircheartaigh.
Cíortar scéalta a bhaineann le cathair agus contae Chorcaí ar an gclár chomh maith le hagallaimh agus dreasanna ceoil ó cheoltóirí agus amhránaithe ó am go chéile.
Craoltar an clár ó stiúideo RTÉ i Sráid an Athar Mhaitiú i gcroílár chathair Chorcaí ach bíonn an clár le clos ó réigiúin éagsúla ar fud na cathrach ó am go chéile ag brath ar na himeachtaí a bhíonn ar siúl.