Keep up to date with every new upload!

Join free & follow Raidió Na-Life
Share
Nocht ar an Raidió - Clár 11

Nocht ar an Raidió - Clár 11

Seo chugainn T-Rex Ó Saurus leis an gclár spraíúil nua ‘Gaeilge Nocht’. An bhfuil sibh réidh dul taobh amuigh den bhosca, den chiorcal nó fiú den domhan ar thuras fíor-chorraitheach agus dainséireach go dtí an plainéad Gnarl ar Raidió na Life 106.4FM?

Beidh T-Rex agus a chara Liamo ag déanamh dianscrúdú ar an gcúrsa Gaeilge Ardteistiméireachta ar an gclár agus beidh siad ag tabhairt treorach agus cabhrach daoibh teip, pas – nó fiú onóir – a fháil sa Ghaeilge. Beidh filíocht agus prós na hArdteistiméireachta á bplé chomh maith leis an scrúdú cainte, scéalta, ríomhphoist agus go leor eile atá ar an gcúrsa. Tagaigí ar bord linn agus rachaimid chuig an bplainéad GnarL agus tar éis aistear fada chuig an bplainéad sin tá súil againn go mbeidh sibh oillte scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh le muinín. Agus cuimhnígí, is maith é an ceann scríbe ach is fearr ná san an t-aistear!

San eagrán seo, Dís, Sraith Pictiúr 10 & Dúshlán Damo.

Comments