Keep up to date with every new upload!

Join free & follow Raidió Na-Life
Share
Abair Amach É  5 : Aoibheann ní Shuilleabháin

Abair Amach É 5 : Aoibheann ní Shuilleabháin

Sa sraith 'Abair Amach é' labhrann Richie Ó hEadhra ar Raidió na Life le pearsain mór le rá a bhfuil an-aithne orthu i saol na Gaeilge go háirithe. I measc cuid acu siúd i mbun comhrá le Richie tá na ceoltóirí Liam Ó Maonlaí agus Gerry 'Banjo' O’Connor, iar-rós Thrá Lí Aoibhinn Ní Shúilleabháin, an Seanadóir David Norris agus na craoltóirí Róisín Ní Eadhra agus Éanna Ní Lamhna.

Déanann an tsraith seo iarracht aithne a chur ar an duine taobh thiar den aghaidh phoiblí agus eolas níos mine a thabhairt don éisteoir faoin aoí. "Tá mé ag súil go mór leis an sraith úr nua seo. Stíl ré-chúiseach a bhéas agamsa sna cláracha seo agus beidh mé ag iarraidh breathnú taobh thiar den phearsan a phéinteáiltear dúinn nuair a bhíonn na daoine seo ar an teilifís nó an raidió de ghnáth. Bíonn siad féin ag iarraidh siamsaíocht a chur ar fáil don chuid mó mar sin beidh deis labhartha acu féin fúthu féin anois," a deir Ó hEadhra.

Comments